Earnálacha

Feirmtheic

Aimsítear leictreonaic ar fud na háite i gcúrsaí talmhaíochta. Táthar á húsáid chun monatóireacht agus stiúir a dhéanamh ar ainmhithe mar aon le cúram a dhéanamh dá mbeathú, sláinte agus folláine. Bítear á húsáid chomh maith chun bainistíocht a dhéanamh ar bharraí agus ar an talamh.

Uaireanta bíonn gá giuirléid leictreonach a chur ar ainmhithe, cibé ainmhithe feirme nó ainmhithe fiáine, chun monatóireacht de shaghas éigin a dhéanamh orthu, mar shampla ar a gcuid spaisteoireachta agus iompair, nó fiú chun athrú éigin a dhéanamh ar ghné éigin dá dtimpeallacht, leithéidí gile an lae. Is feidhmeanna eisceachtúla iad seo sa mhéid is nach dtoilíonn agus nach dtuigeann na hainmhithe cad é atá ar siúl. Go minic, cuireann an giuirléid isteach orthu, agus déanann siad a míle dícheall fáil réidh leis agus damáiste a dhéanamh dó dá réir.

  • Ina theannta sin, má fhágtar an t-ainmhí amuigh faoi spéir, caithfidh an leictreonaic déileáil le droch aimsir go leanúnach.
  • Os a chionn sin, caithfear a bheith in ann an córas a chur ag obair le soláthar an-teoranta cumhachta, rud a chuireann srian nach beag ar an réimse réiteach gur féidir a úsáid.

Tá táirgí mSemicon á n-úsáid in an-chuid áiteanna ar fud an domhain, agus an-tairbhe á mbaint astu.


Grianghraf le Kristoffer S B Pedersen ar Unsplash